People » Muireann Nic Amhlaoibh

English text below.

Is amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta as Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí í Muireann Nic Amhlaoibh. Tá cáil uirthi mar amhránaí an sean-nós agus cannan sí amhráin ó réimse leathan eile chomh maith. Tá mórán gradam bainte amach aici, ina measc Amhránaí na Bliana ag Gradam Ceoil T4 2011 agu Rian Traidisiúnta na Bliana ag na RTÉ Radio1 Folk Awards 2018.

Le linn a hóige in Iarthar Chiarraí tomadh Muireann i dtimpeallacht shaibhir chultúrtha agus i dtraidisiún maireachtála ríthábhachtach, a raibh tionchar an-mhór aige ar bhunús a fuaime sainiúil gutha agus uirlise. Tar éis di máistreacht a fháil i dtaibhsiú an ceoil traidisiúnta, do chaith sí breis agus trí bliana déag mar phríomh-amhránaí agus seinnteoir fliúite leis an ngrúpa mór le rá traidisiúnta Danú.

Bíonn sí anois ag taifead is ag seimint go haonarach nó le réimse ealaíontóirí ar nós Julie Fowlis, Séamus Begley, Notify, Ulaid, Bill Whelan agus go leor ealaíontóirí as seánraí eile agus traidisiúin amhránaíochta domhanda a bhfuil spéis mhór aici ann.

Is láithreoir teilifíse agus raidió í Muireann do leithéidí RTÉ, TG4 agus BBC Alba, chomh maith agus cuireann sí a clár ceoil féin “Malairt Poirt le Muireann” i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

— — —

Muireann Nic Amhlaoibh is a multi-award winning traditional singer and musician from Corca Dhuibhne, West Kerry. A leading exponent of the sean nós style, her repertoire also includes songs from a wide variety of folk and contemporary sources. Her childhood in West Kerry saw her immersed in a rich cultural environment and vital living tradition, which was to be hugely influential on the foundation of her distinctive vocal and instrumental sound.

She has enjoyed a successful career as a touring artist, with over thirteen years experience as lead singer and flute player with the Irish traditional supergroup Danú, as well as a many years performing as a solo artist. Muireann is also a popular television presenter, having hosted a range of programmes for Irish and Scottish TV over the past decade including the celebrated traditional music series “Port”. She currently presents her own music programme “Malairt Poirt le Muireann” on RTÉ Raidió na Gaeltachta and has collaborated with many musicians in genres ranging from traditional to classical, world music to electronica.

All events featuring Muireann Nic Amhlaoibh:

Time Details
Sat, 20. Mar, 2021 · 3:00pm Landspeak Conference 2021 · Day 4: Opening Song · With Muireann Nic Amhlaoibh · Full details »